Tá Seachtain na Gaeilge (1-17 Márta) ag druidim linn agus tá clár iontach cuimsitheach imeachtaí á ullmhú ag Sult na Sollán i gcomhar le Cill Dara le Gaeilge do cheantar Nás na Ríogh/na Sollán.

CLÁR NA BLIANA SEO
Cuirfear tús leis an gclár an 1 Márta le seisiún machnaimh ar line agus ciorcal comhrá i gCLG na Sollán. Beidh imeachtaí ann d’idir óg agus aosta ar gach leibhéal Gaeilge sa choicís ina dhiaidh sin – Pilates, rang cócaireachta, ceardlann do thuismitheoirí faoi theicneolaíocht na Gaeilge, Aifreann dátheangach, ciorcail chomhrá, rithpháirce (parkrun), spraoi, ceol agus léitheoireacht do leanaí óga, ceolbhiongó (muna bhfuil a fhios agat cad é, bí linn an 10/3!) agus siúlóid staire, agus beidh Meitheal Chill Dara ar siúl an 11 Márta san Óstán Glenroyal i Maigh Nuad (beidh tuilleadh faoi sin an tseachtain seo chugainn!).
Tá an clár iomlán ar fáil ar www.sultnasollan.ie agus ar
www.cilldaralegaeilge.ie.
COMÓRTAIS DO DHALTAÍ SCOILE
Idir an dá linn tá roinnt comórtas á n-eagrú againn do dhaoine óga agus duaiseanna iontacha le buachan i ngach ceann acu. Ar cheann acu tá an comórtas tallainne do dhaltaí meánscoile. Níl le déanamh ag na daltaí ach físeán 3-6 nóiméad a chur isteach roimh an 1 Márta, agus roghnófar uasmhéid 5 dhuine/ghrúpa le dul ar aghaidh chuig an seó BEO a bheidh ar siúl ag an bhFéile Sráide i Nás na Ríogh an 17/3. Duaiseanna €200, €100 agus €50 atá le buachan ag na trí dhream is fearr.
Tá comórtas ealaíne (daltaí meánscoile agus bunscoile) agus comórtas scríbhneoireachta (daltaí bunscoile amháin) á reáchtáil againn freisin. Cuirfear na pictiúir ar taispeáint i leabharlann Nás na Ríogh le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá gach eolas faoi na trí chomórtas sin ar fáil ar
www.sultnasollan.ie.
AN FHÉILE SRÁIDE
Buaicphointe Sheachtain na Gaeilge sa cheantar i ndáiríre ná an Fhéile Sráide a bheidh ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig. Thosnaigh an Fhéile Sráide in 2018 le stáitse amháin ag Teach na Cúirte agus i mbliana beidh ceithre shuíomh ann ar phríomhshráid Nás na Ríogh. Beidh ceol agus rince idir thraidisiúnta agus nua-aimseartha ann le grúpaí áitiúla, drámaíocht, filíocht, seó clainne le Stephen McGinley, agus a chéad seó riamh i nGaeilge ag an bhfuirseoir Tadhg Hickey!
Cearnóg na Poibleoige
Tosnóidh an Fhéile ar a 14.00 agus cuirfear deireadh leis le céilí mór sráide ar a 16.00 i gCearnóg na Poibleoige.
Tuilleadh sonraí www.sultnasollan.ie.
An sprioc atá againn ná an fhéile Gaeilge is mó taobh amuigh den Ghaeltacht a reáchtáil anseo i gCill Dara. Bígí linn!
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.