Seoladh an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan in Ionad Bhaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath ag ócáid speisialta ar an Satharn. Reáchtálfar Seachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile le linn #SnaG24.
Bhí an seoladh ar siúl in Ionad Bhaile Bhlainséir, áit ina raibh ceol, craic agus imeachtaí teaghlaigh ar siúl le tús oifigiúil a chur leis an bhféile. Is iad Gráinne Seoige, Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor na hambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana.
Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh:
“Bhí ócáid thar a bheith speisialta againn le tús oifigiúil a chur le Seachtain na Gaeilge le Energia anseo i mBaile Bhlainséir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil ó chroí leis an bhfoireann ó Ionad Bhaile Bhlainséir agus Craobh Pobal Gaeilge 15 de Chonradh na Gaeilge as ucht a gcuid tacaíochta agus an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan seolta againn. Tá na grúpaí pobail ag croílár na féile agus ní bheadh ann don fhéile gan an obair iontach a chuireann siad isteach.”
Ag labhairt faoin seoladh, dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt:
“Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia don phobal a gcuid Gaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile. Molaimid go mór do ghrúpaí agus don phobal an deis a thapú leis an teanga a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Bhí sé ina phléisiúr againn an fhéile a sheoladh in Ionad Bhaile Bhlainséir agus táimid ag tnúth go mór le himeachtaí a fheiceáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin ó 1-17 Márta.”
Reáchtálfar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile agus imeachtaí a chlárú ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie.
Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus beidh imeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.